ENG GA
homepage image

Plean Corparáideach 2025–2029


Intreoir

Ceiliúradh ag Ionad Cuairteoirí an Chloighthí i gCluain Dolcáin

Mar an Chomhairle do Bhaile Átha Cliath Theas, féachaimid le bheith mar eagraíocht a chuireann an pobal chun tosaigh, atá réamhghníomhach agus a fhreastalaíonn ar ár bpobail uile anois agus sa todhchaí.

Tá cuntas sa doiciméad seo ar ár bplean straitéiseach as seo go ceann cúig bliana. Tá sé mar aidhm leis an bplean gach páirtí leasmhar a chur ar an eolas maidir lenár dtosaíochtaí agus lenár nuaillmhianta dár gcontae, dár ndaoine agus do phobail áitiúla.

Nóta maidir le Sainmhínithe
Tá roinnt acrainmneacha agus téarmaí áirithe sa tuarascáil seo a bhféadfadh sé nach mbeadh cur amach ag na léitheoirí uile orthu. Le haghaidh sainmhínithe féach an nasc seo leis an ngluais.


Ár gComhairle

Baile Átha Cliath Theas – Próifíl
Tá Baile Átha Cliath Theas suite ag bun shléibhte Bhaile Átha Cliath agus tá Cathair Bhaile Átha Cliath agus Fine Gall ó thuaidh de agus Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Cill Dara agus Cill Mhantáin ó dheas. Cumhdaíonn sé achar thart ar 223 ciliméadar cearnach.

An Daonlathas

Tháinig 41.4% den phobal amach ag vótáil sna toghcháin áitiúla ar fud an chontae, líon a bhí i bhfad níos ísle ná an figiúr náisiúnta 49.4%.

An Daonra

Labhraíonn 33.8% de chónaitheoirí Bhaile Átha Cliath Theas Gaeilge, líon atá níos ísle ná an meán náisiúnta 37.7%. De réir Dhaonáireamh 2022 tá daonra 301,075 duine ina gcónaí in 106,074 teach cónaithe. Sin méadú 8% ón daonáireamh roimhe sin in 2016. Tá an méadú sin ar chomhchéim leis na figiúirí náisiúnta agus tá sé beagán níos airde ná an leibhéal fáis i gCathair Bhaile Átha Cliath.

Déimeagrafaic


Is é 36.6 bliain meán-aois na ndaoine a chónaíonn i mBaile Átha Cliath Theas, i gcomparáid le 38.8 bliain go náisiúnta. Tá daonra níos óige sa chontae agus líon níos ísle daoine scothaosta i gcomparáid leis an meán náisiúnta (13% vs. 15%).

Ní den náisiúntacht Éireannach iad 14% de na cónaitheoirí dar leo féin, céatadán atá níos airde ná an meán náisiúnta 13.4%, agus tá cúlra den phobal Lucht Siúil ag 5.9%.

Bunaithe ar Dhaonáireamh 2022, tá roinnt limistéar atá faoi mhíbhuntáiste mór i roinnt pócaí den chontae, lena náirítear Tamhlacht-Ráth Miontáin (Scór POBAL -37.25) agus Cluain Dolcáin-Gort an Mhúraigh (Scór POBAL -37.50).

Tá limistéir amhail Tamhlacht-Fothair Chardain i mBaile Átha Cliath Theas freisin, áit ina bhfuil comharsanachtaí atá rachmasach agus faoi mhíbhuntáiste ina gcónaí taobh le taobh. Tá 7.3% den daonra i mBaile Átha Cliath Theas ina gcónaí i limistéir rachmasacha, i gcomparáid le 76.8% a chónaíonn i limistéir atá beagán faoi bhun an mheáin, 13.1% i limistéir atá faoi mhíbhuntáiste, agus 2.74% i limistéir atá go mór faoi mhíbhuntáiste.

Fostaíocht

Tá 58% de na daoine fásta go léir atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath Theas ag obair, is mic léinn 20% acu agus tá 15% acu ar scor. Ba é 8.7% an ráta dífhostaíochta foriomlán don chontae in 2022, figiúr atá i gcomhréir leis an meán náisiúnta. Tá rannpháirtíocht na bhfear sa lucht saothair níos airde ná i measc na mban i ngach aoisghrúpa. Is iad tráchtáil agus trádáil na hearnálacha is mó a noibríonn daoine iontu (28.4%, 38,964 duine) agus seirbhísí gairmiúla (24.7%, 33,900 duine).

Oideachas


Bhí an sciar den daonra a bhain céim/dioplóma iarchéime/PhD amach i bhfad níos airde in 2022 ag 26.7% i gcomparáid le 19.7% in 2011. Tá sé sin díreach faoi bhun an mheáin náisiúnta 27.6%.

Teaghlaigh

Idir 2016 agus 2022, chuir Baile Átha Cliath Theas 7,687 aonad nua tithíochta leis an stoc tithíochta iomlán, rud a chiallaíonn go bhfuil 106,074 teach ann anois. Sin ráta fáis 7.81% atá níos airde ná an meán náisiúnta 5.41%. Tá úinéireacht tí sa chontae ar chomhchéim leis an meán náisiúnta. In 2022, bhí 66% de theaghlaigh ina núinéirí ar a dteach féin, agus 16% eile a raibh tithe ar cíos acu. Sin i gcomparáid le 66% de theaghlaigh atá ina núinéirí ar a dteach go náisiúnta agus 28% a bhfuil teach ar cíos acu. Tá an ráta folúntas i bhfad níos ísle ná an meán náisiúnta agus beagnach 1 réadmhaoin amháin as gach 10 réadmhaoin (9%) folamh toisc go bhfuil na húinéirí i dteach altranais/ospidéal.

Tá sciar níos mó d’aonaid teaghlaigh i mBaile Átha Cliath Theas ag teaghlaigh aon tuismitheora le leanaí, arb ionann é agus 17.3% de na teaghlaigh go léir, i gcomparáid le 14.6% go náisiúnta.

An Ghaeilge

Labhraíonn 33.8% den daonra Gaeilge, céatadán atá níos ísle ná an meán náisiúnta 37.7%.

Mar an chomhairle do Bhaile Átha Cliath Theas, féachaimid le bheith mar eagraíocht a chuireann an pobal chun tosaigh, atá réamhghníomhach agus a fhreastalaíonn ar ár bpobail uile inniu agus sa todhchaí.

Am súgartha spraíúil, suáilceach - nasctar spórt agus spraoi do pháistí inár n-ionaid pobail áitiúla

Knockmitten-Family-Fun-Day

Ár gcomhairleoirí i mbun cruinniú rialtais aitiúil i Halla an Chontae, Tamhlacht

Comhaltaí Tofa

Déanann ár 40 comhalta tofa ionadaíocht ar seacht dtoghcheantar áitiúla. Toghadh iad i mí an Mheithimh 2024 agus beidh siad in oifig go dtí an chéad toghcháin áitiúil eile in 2029. Is comhalta tofa reatha (Comhairleoir), agus céadsaoránach an chontae, é an Méara. Toghann na comhaltaí tofa an Méara agus an Leas-Mhéara araon ag an gcruinniú bliantúil.

Tar éis na dtoghchán áitiúil, agus comhthoghadh comhaltaí nua tar éis an olltoghcháin i mí Dheireadh Fómhair 2024, tá móramh d’ionadaithe ban tofa ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas ar an gcomhairle; 21 bean as 40 ionadaí, arb é sin an ionadaíocht pholaitiúil is airde i measc na mban é i stair an stáit.

Ár nAidhm

Deis níos fearr do chách

Is í ár naidhm a thugann le chéile muid. ‘Deis níos fearr do chách’ is ea ár ngealltanas – do dhaoine aonair, do phobail, agus don todhchaí.

Ní sprioc amháin atá i gceist leis, ach bun agus barr gach a ndéanaimid.

Oibrímid chun deireadh a chur le bacainní, chun cumhacht a thabhairt do dhaoine, agus cosáin chun cinn a chruthú, ar fíor-chosáin inmharthana iad. Gach lá, feidhmímid chun deis níos fearr a thabhairt do chách – mar nuair a thagann deis chun cinn, baineann gach duine tairbhe as.

Ár bhFís

Bheith mar áit a fhreastalaíonn ar riachtanais agus uaillmhianta gach duine i mBaile Átha Cliath Theas.

Is léiriú intinne é ár bhfís. Is é sin ár nuaillmhian do thodhchaí ár neagraíochta agus ár gcontae.

Ár Misean

Cothóimid tallanna ár lucht saothair oilte chun réitigh chuimsitheacha agus inbhuanaithe a bhaint amach.

Leagtar amach inár misean an chaoi a gcuirfimid ár bhfís i gcrích. Tá sé dírithe ar ghníomh, tá sé praiticiúil agus is féidir é a bhaint amach.

Nuair a éistimid go gníomhach lenár bpobail éagsúla, nuair a bhainimid leas as an teicneolaíocht agus nuair a smaoinímid go nuálach cruthaímid contae a bhfuil teacht aniar ann a fhreastalaíonn ar riachtanais an lae agus a ullmhóidh muid don todhchaí.

Deis Níos Mó do Chách

Áiseanna spóirt do chách – dreapadóireacht inrochtana in Dublin Climbing Centre, Tamhlacht

Rian Pumpála rothaíocht BMX i bPáirc Ráth Miontáin

Lafayette

Ní cuspóir amháin atá sa mana ‘deiseanna do chách’. Is lionsa é trína bhfeiceann muid an domhan, caighdeán lena gcloíonn muid féin, agus gealltanas go léireofar cothroime, cothromas agus ionchuimsiú i ngach a dhéanaimid.

Ár Luachanna

Is iad ár luachanna na treoirphrionsabail lena bhfeidhmímid. Tá siad againn mar chompás inmheánach chun a chinntiú go gcomhlíonaimid ár gcreidiúintí eagraíochtúla gan staonadh.

Dírithe ar an todhchaí

Déanaimid rudaí ar bhealach difriúil agus ní bhíonn faitíos orainn triail a bhaint as rudaí nua.
 Ní dhéanaimid talamh slán d’aon rud – tugaimid dúshlán do na noirm agus lorgaímid bealaí nua agus níos fearr chun rudaí a dhéanamh anois agus sa todhchaí.
Tá an inbhuanaitheacht inár nintinn agus déanaimid cinntí stuama.

Ionchuimsitheach agus tacúil

Táimid cineálta, tuisceanach agus cairdiúil. Tá meas againn ar an éagsúlacht inár bpobail agus oibrímid le daoine agus tugaimid linn iad.
Oibrímid le chéile chun níos mó a bhaint amach.
Creidimid i gcomhoibriú, i gcomhar agus i meas a bheith againn ar a chéile.

Treorú le diongbháilteacht

Éiríonn linn rudaí a dhéanamh agus iad a dhéanamh i gceart. Is pobal muid a oibríonn go crua agus a bhfuil meas agus ómós againn dóibh siúd timpeall orainn.
Bímid mórtasach as ár gcuid oibre agus tugaimid treoir le dea-shampla.
 Tá muinín againn as a chéile treoir a thabhairt go muiníneach agus a bheith diongbháilte inár seachadadh.

Cuntasach agus trédhearcach

Táimid ionraic agus macánta. Táimid sách cliste le fios a bheith againn nach bhfuilimid inár saineolaithe ar gach rud agus ciallaíonn sé sin go bhfuil meas againn ar an méid a bhíonn le rá ag gach duine agus go néistimid leo.
Creidimid gur fearr a bheith díreach le daoine.
 Táimid oscailte agus macánta i ngach rud a dhéanaimid.

Nótaí arda á gcanadh ag Aonach Aoisbhách i Halla an Chontae, Tamhlacht

Age Expo

Muintir na háite á spreagadh trí Aclaíocht sa Pháirc i bPáirc Chorcaí

Daonlathas agus Rialachas

An Daonlathas

Cuid ríthábhachtach de chóras daonlathais náisiúnta na hÉireann is ea an rialtas áitiúil.
Cinntítear cuntasacht agus freagrúlacht leis do riachtanais áitiúla agus cothaítear rannpháirtíocht shibhialta sa chinnteoireacht.
Tacaíocht a thabhairt don daonlathas áitiúil agus é a neartú, agus an rannpháirtíocht shibhialta a fheabhsú, agus ról ceannaireachta na Comhairle Tofa a chur chun cinn, sin iad na rudaí atá lárnach maidir lenár bhfís agus ár misean a chomhlíonadh.

Rialachas

Tá ár rialachas leagtha amach sa Chód Rialachais
don Rialtas Áitiúil ar cód nua é. Baineann sé le tosaíochtaí a sheachadadh, cuspóirí a bhaint amach, bheith macánta i d’iompar, agus gníomhú ar mhaithe le leas an phobail ar bhealach atá i gcomhréir le hoibleagáidí beartais dlíthiúla, rialála agus rialtais.
Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas freagrach as rialachas agus as seirbhís phoiblí ar an leibhéal áitiúil.

Forbairt Beartais

Déanann Grúpa Beartais Chorparáidigh agus sé Choiste um Beartais Straitéiseacha (CBS) beartais a fhorbairt agus a mholadh don Chomhairle.

Tá comhaltaí tofa agus ionadaithe ó na hearnálacha gnó, feirmeoireachta, comhshaoil, pobail agus ceardchumainn ar na Coistí um Beartais Straitéiseacha.

Is iad seo a leanas réimsí beartais na sé choiste a comhaontaíodh sa Scéim CBS a glacadh i mí Mheán Fómhair 2024:

  • Forbairt Eacnamaíoch, Fiontar agus Turasóireacht
  • Talamhúsáid, Iompar agus Pleanáil
  • Sóisialta, Pobal, Comhionannas agus Imeascadh
  • An Comhshaol, an Réimse Poiblí agus Athrú Aeráide
  • Tithíocht

Na hEalaíona, Cultúr, Gaeilge, Oidhreacht agus Leabharlanna


Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara

Roinnt na dtuairimí ag Comhairliúchán Poiblí do Phlean Cheantair Aitiúil Chluain Dolcáin

The Caption

Oibríonn an chomhairle leis an earnáil forbartha áitiúil agus pobail agus tacaíonn sí leo, lena náirítear na heagraíochtaí sin a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí a bhfuil an éagothroime ag cur isteach orthu, trínár rannpháirtíocht ghníomhach ar an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) agus trí rannpháirtíocht leis an Líonra Rannpháirtíochta Pobail (LRP).

Féachaimid lena chinntiú go bhfuil a dóthain acmhainní ag an bhfeidhm thacaíochta sna heagraíochtaí sin agus go ndéanann siad ionadaíocht ar ár bpobal trí chéile. D’ullmhaigh an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil agus an Coiste um Beartais Straitéiseacha Forbartha Geilleagraí Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (PÁEP), 2024–2029, a mhairfidh ar feadh 6 bliana.

Déanann an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil bainistíocht freisin ar an gClár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP). Soláthraítear maoiniú leis an gclár chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta trí rannpháirtíocht áitiúil agus trí chomhpháirtíochtaí idir daoine aonair faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus gníomhaireachtaí na hearnála poiblí.

Cuimsítear leis an bplean corparáideach seo nasc soiléir idir spriocanna agus tosaíochtaí na Comhairle agus spriocanna Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Bhaile Átha Cliath Theas, go háirithe le tionscnaimh lena bhfeabhsaítear cás agus eispéireas grúpaí atá ag fulaingt leis an éagothroime trí aghaidh a thabhairt ar na riachtanais ar leith atá acu.

I mbun comhrá ag Comhairliúchán Poiblí in Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin


An Méid a Bhaineamar Amach 2019–2024

Ár bPlean Corparáideach, 2019–2024; na rudaí atá bainte amach:
An méid a bhí le rá agatsa linn

Trínár gcomhairliúchán d’fhiafraíomar den phobal ‘Céard é an rud is mó a bhain an Chomhairle amach le cúig bliana anuas?’ Ba iad seo a leanas na freagraí ba choitianta a tugadh:

Forbairt ar Pháirceanna agus ar Spásanna Glasa

Bhain an téacht ba mhó a luadh le forbairt agus cothabháil páirceanna, glasbhealaí, agus spásanna glasa eile. Luaigh na daoine a thug freagra Glasbhealach Ghleann na Dothra, Páirc Thigh Motháin, Páirc Bhaile Uaitéir, agus Páirc Chorcaí, chomh maith le páirceanna níos lú a raibh triall an phobail orthu níos mó le linn COVID-19.

Tionscnaimh Inbhuanaitheachta agus Chomhshaoil

Cuireadh fáilte roimh iarrachtaí i dtreo na hinbhuanaitheachta, lena náirítear glasbhealaí, tionscadail athdhúlraithe, agus bearta maolaithe an athraithe aeráide. I measc na rudaí sonracha a luadh bhí spásanna poiblí inbhuanaithe, iarrachtaí bithéagsúlachta, agus Líonra Téimh Ceantair Thamhlachta.

Forbairt Tithíochta agus Soláthar Tithíochta Sóisialta

Tugadh freagraí maidir le héachtaí a bhain le tithíocht go minic, go háirithe seachadadh na tithíochta sóisialta agus tacaíocht don tithíocht inacmhainne.

Feabhsúcháin ar Bhonneagar agus ar Iompar

Tarraingíodh aird go minic ar uasghráduithe bonneagair, ina measc athdhromchlú bóithre, lánaí rothar, trasrianta coisithe, agus feabhsúcháin ar chosáin. Cé gur mhol roinnt daoine na forbairtí sin, cháin daoine eile gnéithe amhail lánaí rothar nár baineadh a ndóthain úsáide astu nó deacrachtaí mar a chonacthas iad le trácht de thoradh bonneagar nua.

Tacaíocht don Fhorbairt Ghnó

Tagraíodh don leathnú ar Chaisleán na Gráinsí agus don tacaíocht do ghnóthaí áitiúla mar éachtaí móra, go háirithe na deiseanna maidir le poist a chruthú agus fás eacnamaíoch a chothú.

Feabhsúcháin ar Leabharlanna

Bhain an dara héacht ba mhó a luadh le feabhsúcháin ar leabharlanna, agus seirbhísí nua leabharlainne. Rudaí móra a baineadh amach ba ea leabharlanna inrochtana a chruthú, amhail Leabharlann Chluain Dolcáin Thuaidh. Moladh an córas leabharlainne i gcuid mhaith freagraí, maidir le nuashonruithe, inrochtaineacht, agus seirbhísí agus gníomhaíochtaí cianda a thabhairt isteach.

Rannpháirtíocht an Phobail agus na hÓige

Luadh gníomhaíochtaí rannpháirtíochta pobail agus tacaíocht do chláir óige mar Chomhairle na nÓg mar rudaí dearfacha. Bhí freagróirí sásta le himeachtaí agus tionscnaimh phobail dea-eagraithe a bhí dírithe ar mheabhairshláinte agus ionchuimsitheacht i measc na nóg.

Staid Thamhlachta agus Forbairt na Turasóireachta

Thug roinnt freagróirí faoi deara an athfhorbairt ar Staid Thamhlachta agus a ról maidir le borradh a chur faoin turasóireacht go háitiúil. Luadh tionscadail ghaolmhara freisin cosúil le Club Thine Ifrinn agus Ceathrúna Nuálaíochta.

Freagairt ar COVID-19 agus Teacht Aniar sa Phobal

Bhíothas dearfach faoin bhfreagra a thug an chomhairle ar phaindéim COVID-19, lena náirítear bainistíocht dramhaíola agus inrochtaineacht ar pháirceanna. Bhí meas ag freagróirí ar an teacht aniar a léirigh an chomhairle agus mar a chuir sí rudaí in oiriúint don ghéarchéim.

Tionscnaimh Chomhionannais agus Chearta an Duine

Luaigh roinnt freagróirí tionscnaimh a bhain le comhionannas san earnáil phoiblí, le dualgais maidir le cearta an duine, agus iarrachtaí ar ionchuimsitheacht. Ina measc sin bhí an fócas a bhí ag an gcomhairle ar acmhainní a sholáthar do ghrúpaí éagsúla agus maidir le hinrochtaineacht a chinntiú.

Táimid bródúil as an méid atá bainte amach againn le chéile agus táimid tiomanta díriú ar bhealaí chun feabhais i gcónaí.

Cúirt Mhic Bhrádaigh – forbraíocht nua de thithe aoisbhách, mar chuid de thogra tithíochta nua Aoisbhá Éireann

The Caption

Lámha beaga, tionchar mór: rannpháirtí óg ag glacadh páirt i dtionscnamh rathúil athdhúlrú i bPáirc Chluain Dolcáin

The Caption

Seirbhísí agus Bonneagar

Seachadann Comhairle Contae Átha Cliath Theas os cionn 800 seirbhís phoiblí aonair. De réir mar a dhéanaimid iarracht a bheith inár neagraíocht atá dírithe ar na daoine thar aon ní eile, is tosaíocht dúinn freisin seirbhísí a cheapadh lena mbíonn baint ag gach páirtí leasmhar. Tá réimse mór oibre ag an gComhairle freisin faoin gCreat Náisiúnta Pleanála agus Tionscadal Éireann 2040, ina measc tithíocht, iompar, agus forbairt pobail agus eacnamaíoch.

Trí chomhairliúchán agus trí éisteacht go gníomhach le cónaitheoirí, pobail agus le custaiméirí, cuirfimid a gcuid riachtanas agus a gcuid eispéireas i gcroílár gach a ndéanfaimid. Ar an mbealach sin tá súil againn iontaoibh agus muinín sa rialtas áitiúil a fhorbairt agus Baile Átha Cliath Theas a bheith mar áit iontach chun maireachtáil ann, chun cuairt a thabhairt air agus gnó a dhéanamh ann.

Ár bPríomhsheirbhísí

I measc na seirbhísí soláthraímid saoráidí, cláir, deontais agus imeachtaí.

Cruth ag teacht ar fhorbraíocht nua tithíochta i gCearnóg na Nualaíochta, Tamhlacht

  • Gníomhú ar son na haeráide agus an bhithéagsúlacht, seirbhísí comhshaoil, seirbhísí éigeandála, bainistiú móréigeandálaí, dramhaíl agus forfheidhmiú, bainistiú agus cothabháil an réimse phoiblí agus seirbhísí uisce agus draenála

  • Tithíocht, lena náirítear an clár tithíochta sóisialta, leithdháiltí tithíochta, cothabháil agus athchóiriú, seirbhísí sóisialta, bainistiú eastát

  • Forbairt eacnamaíoch, tacaíocht d’fhiontraithe, cur chun cinn an chontae i gcomhair bainistiú sócmhainní infheistíochta, cur chun cinn an chontae agus forbairt na turasóireachta

  • Comhfhorbairt áite lena náirítear pleanáil chun cinn, bainistiú forbraíochta, rialú foirgníochta, pleanáil iompair, bainistiú agus sábháilteacht ar bhóithre, caomhnú oidhreachta agus ailtireachta

  • Forbairt pobail, sábháilteacht an phobail, tionscnaimh aoisbháúla, imeasctha agus cuimsithe shóisialta, cláir spóirt, tionscnaimh sláinte agus folláine

  • Forbairt na nealaíon agus an chultúir, fóillíocht agus áineas, seirbhísí leabharlainne, féilte agus imeachtaí, cur chun cinn na Gaeilge

  • Clár na dtoghthóirí, toghcháin áitiúla, tacaíocht do struchtúir na comhairle agus rannpháirtíocht shibhialta, seirbhísí do chustaiméirí, rialachas corparáideach, bainistíocht airgeadais, AD, TF, seirbhísí dlí agus ailtireachta

Trí sheirbhísí agus bonneagar riachtanach, soláthraímid na córais, na spásanna agus na tacaíochtaí a thugann an contae chun tosaigh.

Fréamhacha nua: crainn dúchasacha curtha i mion-choillearnach nua i mBóthar Abhainn Mór

Is furasta rothaíocht sléibhe a dhéanamh i gCoill an Chaoich

The Caption

An Chaoi ar Forbraíodh an Plean Seo

Intreoir

Leagamar romhainn ní hamháin go mbeadh an plean seo láidir agus bunaithe ar fhianaise, ach go gcinnteofaí leis freisin go ngabhfaí i gcomhairle le raon leathan páirtithe leasmhara agus go bhfaighidís cluas éisteachta. Dírítear sa chéad phíosa eile den phlean ar an gcaoi ar forbraíodh an plean.

Ag cumasú na foirne le Cainteanna Ceannaireachta ón Oifig Fiontair Áitiúil, Áth Cliath Theas

Age Expo

Ag teacht le chéile ar mhaithe leis an gcruinne – seoladh Sheachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide i Halla an Chontae, Tamhlacht

Community Engagement

Forbraíodh an plean seo ag úsáid na dtorthaí ó anailís chuimsitheach ar roinnt pointí sonraí, ag mapáil ábhar foinsí a bhí ann cheana, agus príomhthaighde:

1.

Rinneamar anailís ar shonraí an daonáirimh agus ar bheartais réigiúnacha agus áitiúla agus ceanglais reachtúla.

2.

Mhapálamar 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus na 7 sprioc den Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail leis na spriocanna sa Phlean Corparáideach seo le taispeáint mar atá siad ailínithe.

3.

Rinneamar measúnú tionchair ar chearta an duine agus ar chomhionannas chun a chinntiú go dtugtar aghaidh go cuí ar an raon iomlán saincheisteanna a bhaineann le comhionannas agus le cearta an duine.

4.

Labhraíomar go rialta leis an nGrúpa Beartais Chorparáidigh fad agus a bhí an plean á ullmhú.

5.

Bhí comhairliúchán poiblí agus rannpháirtíocht fhairsing ann leis an bpobal, le Comhairleoirí, le fostaithe na Comhairle agus LRP:

– Fuarthas 493 freagra ar an gcomhairliúchán poiblí ar líne
– Fuarthas 159 freagra ar an suirbhé fostaithe ar líne
– Bhí 19 rannpháirtí páirteach i 4 fhócasghrúpa le Comhairleoirí
– Bhí 214 rannpháirtí páirteach i 4 fhócasghrúpa le fostaithe
– Bhí 6 rannpháirtí i 1 fhócasghrúpa feidhmiúcháin LRP amháin
– Chuathas i dteagmháil le 59 grúpa páirtithe leasmhara seachtrach

Comhairliúchán Poiblí: achoimre ar na saincheisteanna a sainaithníodh

Bhí an pobal i gcoitinne agus príomhghrúpaí páirtithe leasmhara rannpháirteach go láidir sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Bailíodh ionchur thar thréimhse trí mhí trí shuirbhéanna ar líne, fócasghrúpaí agus ceardlanna. Tháinig na saincheisteanna céanna aníos arís is arís, agus is féidir iad a ghrúpáil le chéile sna réimsí ardleibhéil seo a leanas:

  • Seachadadh tithíochta, inacmhainneacht, éagsúlacht cineálacha, agus bonneagar gaolmhar
  • Forbairt pobail, imeascadh agus ionchuimsitheacht, sábháilteacht, bonneagar pobail, saoráidí don óige, agus seirbhísí CCÁCT a chur in iúl níos fearr
  • Gníomhú ar son na haeráide, an bhithéagsúlacht, cosc ar thuilte, teacht aniar sa bhonneagar, iarfheistiú, tionscnaimh coigilte fuinnimh, nuálaíocht agus rannpháirtíocht an phobail
  • Forbairt eacnamaíoch trí oideachas, fiontraíocht, infheistíocht, an geilleagar oíche, tionscail chruthaitheacha, turasóireacht, agus bonneagar tacúil
  • Eagraíocht níos nuálaí agus níos freagrúla thar sheirbhísí do chustaiméirí, cumarsáid, rannpháirtíocht shibhialta, seachadadh seirbhísí digiteacha, earcaíocht agus coinneáil fostaithe

Ár nDualgas um Chomhionannas agus Cearta an Duine

Páirc Sheáin Bhreathnaigh, spás glas ríthábhachtach i ngréasán pháirceanna poiblí Átha Cliath Theas

SDCC – Sean Walsh Park

Is bunchloch de sheirbhísí poiblí inrochtana agus ionchuimsitheacha é dualgas na hearnála poiblí um chomhionannas agus cearta an duine a chomhlíonadh (Alt 42, An tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014).

Leis sin dírítear go géarchúiseach ar a thábhachtaí atá sé ár míle dícheall a dhéanamh chun deireadh a chur leis an idirdhealú, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus cearta an duine a chosaint d’úsáideoirí seirbhíse, comhaltaí tofa, fostaithe agus tairbhithe beartais, le linn dúinn ár bhfeidhmeanna uile a chur i bhfeidhm. Pointe lárnach i gcur i bhfeidhm an Dualgais um Chomhionannas agus Cearta an Duine é Plean Corparáideach a fhorbairt. Díríodh go lárnach ar ár nuaillmhianta maidir leis an Dualgas agus lena chomhlíonadh ag gach céim d’ullmhú, de chomhairliúchán agus de dhréachtú an Phlean Chorparáidigh seo.

Tá an chomhairle meáite ar na dálaí a chruthú agus a choimeád ar bun chun go gcuirfear an Dualgas i bhfeidhm go héifeachtach:

  • Tugann an Ardbhainistíocht ceannaireacht maidir le cur i bhfeidhm an Dualgais.
  • Déanann Seirbhísí Corparáideacha comhordú agus cumasaíonn siad cur i bhfeidhm leanúnach an Dualgais, ag tionól grúpa oibre tras-eagraíochta le haghaidh an Dualgais um Chomhionannas agus Cearta an Duine agus chun a chinntiú go bhfuil an tuairisciú uile ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na comhairle, agus go bhfuil sé i bhformáidí inrochtana.
  • Forbraíonn agus comhordaíonn grúpa oibre um Chomhionannas agus Cearta an Duine na comhairle cur i bhfeidhm na bpleananna gníomhaíochta bliantúla, bunaithe ar ghealltanais a thugtar sna Pleananna Soláthair Seirbhíse bliantúla, chun éifeacht a thabhairt dár gCreat maidir leis an Dualgas um Chomhionannas agus Cearta an Duine. 
  • Forbraítear feasacht agus scileanna maidir le neamh-idirdhealú, comhionannas agus cearta an duine nuair a chuirtear an fhoireann faoi oiliúint leanúnach. 
  • Glactar gníomh inmheánach chun cultúr eagraíochtúil a neartú agus a choimeád ar bun, agus é tiomanta do chomhionannas agus cearta an duine, agus a bhfuil a fhréamhacha inár luachanna maidir le comhionannas agus cearta an duine: ómós; rannpháirtíocht; inrochtaineacht; agus ionchuimsitheacht.

Máirseáil le bród, ag ceiliúradh pobail: Paráid Bhróid 2024

Pride

Ár nDualgas – Ár gCur Chuige

Mar ionchur bunúsach sa Phlean Corparáideach seo, b’éigean dianmhachnamh a dhéanamh ar ár gcur chuige i leith Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine. Ghlacamar cur chuige trí chéim chun a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais an Achta:

Spórt do chách – badmantan inchuimsitheach ar fáil anois trínár gclár Ionchuimsiú Gníomhach

Accessible Climbing

Céim 1

Measúnú

Céim 2

Dul i ngleic

Céim 3

Tuairisciú
Céim 1: Measúnú

Rinne Comhairle Contae Átha Cliath Theas measúnú fianaisebhunaithe agus rannpháirtíoch ar na saincheisteanna maidir le cearta an duine agus comhionannas atá os comhair na ngrúpaí a sainaithníodh don Dualgas, a chreideann sí a bheith ábhartha dá feidhmeanna agus dá haidhm agus tá sé sin le fáil go poiblí anseo.

Tá na saincheisteanna maidir le comhionannas agus cearta an duine atá os comhair na ngrúpaí a sainaithníodh don Dualgas leagtha amach de réir na luachanna atá againn maidir le comhionannas agus cearta an duine. Sainaithníodh naoi gcinn de na saincheisteanna sin ón measúnú foriomlán mar thosaíocht a gcaithfear dul i ngleic leo faoin bPlean Corparáideach, 2025–2029.

Is iad seo a leanas iad:

Ómós

  • Idirdhealú, ar leibhéal aonair agus ar leibhéal córasach, araon.
  • Steiréitíopáil, claonadh, toimhdí contráilte, agus réamhchlaonadh lena múnlaítear: an timpeallacht sheachtrach, an chinnteoireacht inmheánach; agus ionchais maidir leis na grúpaí sainaitheanta agus na roghanna a dhéanann siad.

Rannpháirtíocht

  • Tearc-ionadaíocht na ngrúpaí sainaitheanta sa pholaitíocht agus i bpoist cheannaireachta laistigh de shaol na polaitíochta agus den réimse polaitiúil, agus easpa rannpháirtíochta i vótáil toghcháin.
  • Próisis chomhairliúcháin neamhleora nó mhíchuí maidir le dul i gcomhairle leis na grúpaí sainaitheanta, agus easpa comhairliúcháin leo, agus tearc-ionadaíocht na ngrúpaí sainaitheanta i struchtúir agus i gcoistí a mbíonn tionchar acu nó a dhéanann cinntí.
  • Gan aon eagrú nó gan a ndóthain acmhainní a bheith ann i gcomhair eagrúcháin laistigh de ghrúpaí sainaitheanta chun rannpháirtíocht éifeachtach i bpróisis rannpháirteacha chomhairliúcháin agus ionadaíochta a chumasú.

Inrochtaineacht

  • Gan difríochtaí a chur san áireamh agus gan oiriúnú agus gan freagairt do riachtanais ar leith daoine as na grúpaí sainaitheanta, lena náirítear teagmháil easnamhach nó mhíchuí le daoine as na grúpaí sainaitheanta chun riachtanais ar leith agus an chaoi le dul i ngleic leo sin ar an mbealach is fearr a shainaithint.

Ionchuimsitheacht

  • Leibhéil ísle fostaíochta, agus ardleibhéil dífhostaíochta, tearcfhostaíocht, agus dífhostaíocht fhadtéarmach i measc na ngrúpaí sainaitheanta.
  • Easpa dídine, drochdhálaí maireachtála, tithíocht mhíchuí, agus róphlódú arna bhfulaingt ag na grúpaí sainaitheanta.
  • Eisiamh digiteach agus éagothroime i dtéarmaí easpa trealaimh agus bonneagair agus easnamh scileanna agus eolais i measc na ngrúpaí sainaitheanta.

Ag cur comhionnanas, cearta an duine agus cothroime i gcroílár gach a ndéanaimid: léiríonn an Plean Corpartha seo ár dtiomantas chun athrú suntasach a dhéanamh do gach duine a chuirimid seirbhís ar fáil dó.

Céim 2: Dul i ngleic

D’fhorbair Comhairle Contae Átha Cliath Theas Creat maidir le Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine mar threoir do chur i bhfeidhm leanúnach agus straitéiseach an Dualgais. 

Áirítear sa Chreat:

  • na luachanna a spreagann CCÁCT chun díriú ar chomhionannas agus cearta an duine, a léiríonn uaillmhian na comhairle maidir leis an Dualgas a chur i bhfeidhm; 
  • an measúnú fianaisebhunaithe agus rannpháirtíoch ar shaincheisteanna maidir le comhionannas agus cearta an duine; 
  • na gníomhaíochtaí chun cur i bhfeidhm leanúnach an Dualgais a chumasú; 
  • an bealach ina ndéanfar an Dualgas a chur i bhfeidhm go leanúnach agus pleananna, straitéisí beartais, cláir agus scéimeanna, agus beartais agus nósanna imeachta inmheánacha á bhforbairt agus á nathbhreithniú, agus é á dhéanamh ar bhealach straitéiseach trí bheartais, pleananna agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe a théann i ngleic go díreach le saincheisteanna maidir le comhionannas agus cearta an duine mar a ndearnadh measúnú orthu; 
  • agus an bealach ina gcuirfear céim ‘Tuairisciú’ an Dualgais i bhfeidhm.
Céim 3: Tuairisciú

Le linn shaolré an Phlean Chorparáidigh, 2025–2029, agus á threorú ag an bPlean Soláthair Seirbhíse, ullmhóidh an grúpa oibre pleananna gníomhaíochta bliantúla, chun éifeacht a thabhairt don Chreat maidir le Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine.

Mol cinnteoireachta Átha Cliath Theas – seomra na comhairle in CCÁCT, Tamhlacht

The Caption

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe

Mar chuid den phróiseas a bhain leis an bplean a chur i dtoll a chéile, mapáladh ár gcuid spriocanna agus straitéisí in aghaidh 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Shainaithníomar 12 SFI chun réimsí ina bhfuilimid ag cabhrú go mór, go measartha nó go beag a léiriú. I rith an phlean seo, leanfaimid ag forbairt bealaí chun ár gcuid oibre a leagan amach i gcomhthéacs SFInna. An chéad chéim chuige sin is ea spriocanna agus cuspóirí tosaíochta an phlean seo a nascadh leis na SFInna.

Cabhair Mhór

Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe
Dea-Shláinte agus Folláine
Gníomhú ar son na hAeráide
Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach
Páirtíochtaí ar son SFI

Cabhair Mheasartha

Oideachas den Scoth
Cothromas Inscne
Tionsclaíocht, Nuálaíocht agus Bonneagar
Éagothroime a Mhaolú
Fuinneamh Glan agus ar Phraghas Réasúnta
Obair Fhiúntach agus Fás Geilleagrach
Beathra Talún
Síocháin, Ceartas agus Institiúidí Láidre

Cabhair Bheag

Deireadh le Bochtaineacht
Uisce Glan agus Sláintíocht
Deireadh le hOcras
Saol faoin bhFarraige

In éineacht lenár dtiomantas ceanglais Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chomhlíonadh, tacóidh an Chomhairle go gníomhach le Clár Oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe – féachaint leis an mbochtaineacht a dhíothú, is cuma cén cineál bochtaineachta atá i gceist, deireadh a chur leis an idirdhealú agus eisiamh, éagothroime agus leochaileachtaí a fhágann daoine ar gcúl a laghdú agus a bhaineann an bonn den deis a bhíonn ag daoine aonair agus ag an gcine daonna trí chéile.

Comhtháthú an Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (2024–2030)

In éineacht leis an ailíniú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe ag a bhfuil tosaíocht, mhapálamar ár bplean agus ár spriocanna in aghaidh na bpleananna agus na spriocanna sa Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail. Mar eintitis rialtais áitiúil agus forbartha áitiúla a bhfuil misean comhroinnte againn freastal ar ár bpobal agus ár ngeilleagar agus iad a fhorbairt, leis an ailíniú sin táthar in ann ár bplean a chur ag obair chun an tionchar agus na héifeachtúlachtaí a bheidh aige a uasmhéadú.

Spriocanna an Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail

  1. Contae Bhaile Átha Cliath Theas a bheith ina áit níos fearr chun cónaí agus oibriú ann.
  2. Folláine choirp agus meabhairshláinte na ndaoine a chónaíonn agus a oibríonn i mBaile Átha Cliath Theas a fheabhsú.
  3. Rochtain ar oideachas, uas-sciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil a mhéadú chun freastal tuilleadh ar riachtanais shóisialta agus eacnamaíocha cónaitheoirí agus fostóirí anois, agus amach anseo.
  4. Cothroime, comhoibriú agus an nuálaíocht a bheith i gcroílár an aistrithe a dhéanfaidh Baile Átha Cliath Theas le bheith ina Contae ísealcharbóin.
  5. Cumhacht a thabhairt do phobail trí thionscnaimh SMART agus forbairt scileanna chun go mbeidh a gceantair ina gceantair níos fearr le cónaí iontu, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu.
  6. An tsochaí laistigh de Chontae Átha Cliath Theas a bheith níos ionchuimsithí, níos cothroime agus níos fáiltí i dtaobh na héagsúlachta.

Creat Dlíthiúil agus Reachtúil

Fónann an Plean Corparáideach seo mar chreat straitéiseach Chomhairle Contae Átha Cliath Theas i gcomhair gníomhaíochta don tréimhse 2025–2029. Ullmhaíodh an plean i gcomhréir leis an Acht Rialtais Áitiúil, 2001, agus leis an Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014. Aithnítear agus cuirtear san áireamh sa Phlean raon beartas, straitéisí agus pleananna atá cheana féin ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach maidir le cláir agus gníomhaíochtaí atá lárnach dár spriocanna agus dár gcuspóirí tosaíochta as seo go ceann cúig bliana.
Tá liosta iomlán den raon reachtaíochta agus beartas agus pleananna a ndearnadh anailís orthu chun an plean seo a chur i dtoll a chéile le fáil anseo.

Ag cruthú spás do chách – tá páirc madraí Pháirc Ghleann an Ghrífín mar chuid dár ngréasán páirceanna agus áiteanna spraoi ionchuimsitheacha

Comhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse agus Seirbhísí Comhroinnte

Tá Comhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse agus Seirbhísí Comhroinnte ag an gComhairle le comhlachtaí poiblí eile chun coigiltis agus éifeachtúlachtaí suntasacha a dhéanamh, agus feabhas a chur ar ár gcumas seirbhísí níos straitéisí agus níos spriocdhírithe a sheachadadh dár bpobal. Tá liosta iomlán dár gComhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse agus dár Seirbhísí Comhroinnte le fáil anseo. Mar chuid den ghealltanas comhroinnte Dualgas an hEarnála Poiblí um Comhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Grúpa Oibre um Chomhionannas agus Cearta an Duine bearta chun a chinntiú go dtabharfaidh comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse den sórt sin léiriú leormhaith ar Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine.

Spraoi agus cairdeas: babhláil aoisbháúil, cuid de chlár Aois Ghníomhach Áth Cliath Theas

The Caption

Ár Spriocanna agus Straitéisí le haghaidh 2025–2029

Páirc Shruthán Liam: suíomh lárnach inár ngréasán de spásanna imeartha ionchuimsitheacha

Intreoir

Léiríonn na seacht sprioc seo a leanas ár nuaillmhianta chun an saol a fheabhsú inár bpobail, chun ár ngeilleagar a neartú agus tacú lenár dtimpeallacht.

Tá roinnt straitéisí gaolmhara ag gabháil le gach sprioc agus astu sin cruthaítear ár bplean gníomhaíochta foriomlán do na chéad cúig bliana eile.

Ár Seacht Sprioc

Ceannaireacht Aeráide

Dul i gceannas ar an aistriú cóir i dtreo neodrachta

Tithíocht ar Ardchaighdeán

Tithe sóisialta agus inacmhainne ar ardchaighdeán a chur ar fáil do gach duine a dteastaíonn siad uathu

Geilleagar faoi Bhláth

Baile Átha Cliath Theas a bheith ar an áit is fearr chun gnó a dhéanamh

Áit Níos Fearr

An bonneagar agus na saoráidí, a theastaíonn chun freastal ar ár ndaonra atá ag fás, a chur ar fáil

Pobail Nasctha

Tacú lenár bpobail ionas go mbeidh siad imeasctha, ionchuimsitheach agus sábháilte

Saibhreas Cultúrtha

Cultúr beoga a chur ar fáil do chách

Tús Áite do na Daoine

Bheith inár neagraíocht atá dírithe ar na daoine

Tá an rása is a léim ag Club Lúthchleasaíochta Thamhlachta ag Lá Fhéile Pádraig i dTamhlacht

Rothaíocht Pobail ag Páirc Ghleann na Dothra, imeacht a chothaíonn aclaíocht lasmuigh agus rannpháirtíocht pobail

Ceannaireacht Aeráide

Dul i gceannas ar an aistriú cóir i dtreo neodrachta
  • Contae ísealcharbóin agus athléimneach ó thaobh na haeráide a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath Theas
  • Réadmhaoin agus bonneagar a chosaint ar thuillte
  • Teagmháil ghníomhach a dhéanamh leis na pobail agus iad a chur ar an eolas maidir le gníomhú ar son na haeráide, ar bhealach a bheidh inrochtana do chách
  • Ár mBonneagar Glas agus an Bhithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú
  • Tionscnaimh iompair inbhuanaithe agus inrochtana a chur chun cinn agus aistriú i dtreo a núsáide a chur chun cinn

Tithíocht ar Ardchaighdeán

Tithe sóisialta agus inacmhainne ar ardchaighdeán a chur ar fáil do gach duine a dteastaíonn siad uathu
  • Raon tithíochta sóisialta agus inacmhainne ar ardchaighdeán a sheachadadh do dhaoine a bhfuil gach cineál riachtanas tithíochta acu – ag cur san áireamh na riachtanais atá sonrach don éagsúlacht daoine agus fócas speisialta ar dhaoine gan dídean
  • Ár stoc tithíochta sa chomhairle a uasghrádú, lena náirítear cóiríocht shonrach don Lucht Siúil, chun a chinntiú go bhfuil sé sábháilte, slán, tíosach ar fhuinneamh agus dea-chóirithe
  • Pobail inbhuanaithe a chur chun cinn trí phleanáil úsáide talún athléimneach agus forbairt inbhuanaithe a chur i bhfeidhm ar fud an chontae
  • Pobail ionchuimsitheacha a chur chun cinn trí bheartais bainistíochta eastát a fháiltíonn roimh éagsúlacht iomlán na bpobal a mhaireann iontu agus idirghníomhaíochtaí ómósacha a chumasú
  • Seirbhísí agus tionscnaimh tithíochta agus cóiríochta, agus cinn a bhaineann le heaspa dídine, a dhíriú ar na grúpaí éagsúla a gcuireann an éagothroime isteach orthu trí dhearadh agus seachadadh a chinntiú a fhreastalaíonn ar a riachtanais ar leith

Geilleagar faoi Bhláth

Baile Átha Cliath Theas a bheith ar an áit is fearr chun gnó a dhéanamh
  • Cumais a fhorbairt go réamhghníomhach agus timpeallacht dhinimiciúil ghnó a chruthú chun tacú le gnó agus é a fhás
  • Infheistíocht isteach a spreagadh, infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch agus infheistíocht dhúchasach, agus tírdhreach eacnamaíoch á chruthú don fhiontraíocht, don nuálaíocht agus don gheilleagar cliste
  • Cumas Bhaile Átha Cliath Theas a fhíorú ach áiteanna tarraingteacha a fhorbairt do chuairteoirí agus an branda turasóireachta a fhorbairt, rud lena bhfeabhsófar eispéiris cuairteoirí agus lena bhforbrófar comhpháirtíochtaí turasóireachta
  • Borradh a chur faoin ngeilleagar áitiúil le scoth na hoibríochta – trédhearcacht an tsoláthair phoiblí a fheabhsú, timthriallta íocaíochta prasa a chinntiú, agus leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh idirbhearta réidhe
  • An geilleagar áitiúil a fheabhsú ach cur chuige bunaithe ar chearta an duine agus ar an gcomhionannas a ghlacadh mar fhostóir agus mar sholáthraí seirbhíse poiblí

Tógadh ár seacht sprioc ar bhonn láidir taighde, léargas pobail, agus mapáil chúramach den phictiúr mór go háitiúil agus go domhanda.

Áit Níos Fearr

An bonneagar agus na saoráidí, a theastaíonn chun freastal ar ár ndaonra atá ag fás, a chur ar fáil
  • An úsáid a bhainimid as ár sócmhainní trí bhainistíocht ghníomhach talún a bharrfheabhsú chun tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe
  • An timpeallacht thógtha a chur chun cinn agus a fheabhsú agus ár noidhreacht nádúrtha agus chultúrtha a chosaint ag an am céanna, agus seasamh le prionsabail an dearaidh uilíoch
  • Páirceanna agus spásanna oscailte an chontae a bhainistiú chun buntáistí eacnamaíocha, comhshaoil, agus sóisialta a sholáthar, a fhreastalaíonn ar éagsúlacht iomlán ár bpobal
  • Ár bhfreagrachtaí rialála a bhainistiú ar mhaithe lenár dtimpeallacht a chosaint

Pobail Nasctha

Tacú lenár bpobail ionas go mbeidh siad imeasctha, ionchuimsitheach agus sábháilte
  • Pobail atá cumhachtaithe, ionchuimsitheach, comh-ómósach, athléimneach agus sábháilte a chothú, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe agus lenár saoránaigh
  • Rannpháirtíocht shibhialta láidir, stuama agus ionchuimsitheach a chruthú agus an rannpháirtíocht a bheith i ngach pobal agus i measc gach grúpa a bhfuil an éagothroime ag cur isteach orthu
  • Úsáid bealaí cumarsáide digití a chur chun cinn, agus dul i ngleic le héagothroime sa saol digiteach
  • Infheistiú i mbonneagar pobail, ag tabhairt tús áite do ghrúpaí a bhfuil an éagothroime ag cur isteach orthu, agus ag díriú ar chomhfhorbairt áite, éagothroime a laghdú, eagrú a chothú, glór agus tacaíocht a chumasú, agus torthaí sábháilteachta, sláinte, agus folláine a fheabhsú do chách agus seasamh le prionsabail an dearaidh uilíoch

Saibhreas Cultúrtha

Cultúr beoga a chur ar fáil do chách
  • Seirbhísí ealaíon, cultúrtha, agus leabharlainne na Comhairle a spreagadh mar phríomhchumasóirí don fhás geilleagrach, nuálaíocht, aitheantas, sofheictheacht, éagsúlacht, agus forbairt pobail
  • Úsáid na Gaeilge mar theanga bheo a chur chun cinn agus tacú léi
  • An éagsúlacht, ionchuimsitheacht agus cothromas a fheabhsú d’imircigh thar gach gné de shochaí na hÉireann trí fhócas méadaithe ar bhearta cuimsithe shóisialta, rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí poiblí agus gníomh spriocdhírithe chun dul i ngleic leis an gciníochas agus seineafóibe

Tús Áite do na Daoine

Bheith inár neagraíocht atá dírithe ar na daoine
  • Feidhmiú mar eagraíocht réidh chomhtháite, ag a bhfuil aidhm aontaithe, iarrachtaí comhchuibhithe agus uaillmhian chomónta atá tiomanta do sheirbhísí agus torthaí eiseamláireacha a sholáthar do gach custaiméir agus úsáideoir seirbhíse
  • Oibriú chun deireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe, comhionannas deiseanna a chur chun cinn, agus cearta an duine a chosaint d’úsáideoirí seirbhísí, tairbhithe beartais, comhaltaí tofa agus fostaithe, le linn dúinn ár bhfeidhmeanna uile a chur i bhfeidhm
  • Seirbhísí poiblí a chlaochlú trí sheirbhísí agus réitigh dhigiteacha atá dírithe ar an úsáideoir, agus atá ionchuimsitheach a sholáthar, agus bheith freagrach as eisiamh digiteach agus éagothroime agus aghaidh a thabhairt ar na rudaí sin
  • Lucht saothair oilte agus éagsúil a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh, laistigh de thimpeallacht oibre ionchuimsitheach agus inrochtana chun nuálaíocht, táirgiúlacht agus feidhmíocht a fheabhsú
  • Ardchaighdeáin rialachais chorparáidigh a sholáthar trí eagraíocht éifeachtúil, éifeachtach, thrédhearcach agus chuntasach

An Chaoi a mBainfimid Amach ár Spriocanna

Intreoir

Tá ár spriocanna uaillmhianach, mar is ceart dóibh a bheith. Ionas go mbeidh tionchar dearfach againn ar ár bpobal agus ár ngeilleagar caithfidh sé a bheith le feiceáil gur féidir linn iad a bhaint amach.

Díríonn an chuid seo a leanas den tuarascáil ar an gcaoi a mbainfimid ár naidhmeanna amach agus na spriocanna agus na táscairí a úsáidfimid chun ár ndul chun cinn a thomhas.

Monatóireacht agus Tuairisciú Leanúnach

Is é an Plean Corparáideach ár gcreat uileghabhálach. Cuirtear i gcrích é trí ghníomhaíochtaí sonracha eile a bhfuil cuntas orthu sa Chlár Caipitil agus sna Pleananna Soláthair Seirbhíse Bliantúla le haghaidh gach réimse seirbhíse, agus é ag ailíniú go dlúth lenár bpleanáil bhuiséid bhliantúil agus lenár bpróisis bainistíochta riosca.

Tabharfar mionsonraí i dtuarascáil bhliantúil ar chur i bhfeidhm an Phlean Chorparáidigh maidir lenár ndul chun cinn ar chuspóirí agus straitéisí tacaíochta, chomh maith leis an scéal is déanaí a thabhairt ar bhearta feidhmíochta ardleibhéil. Déanfar meastóireacht freisin sa tuarascáil ar an tionchar atá ag acmhainní atá ar fáil – acmhainní airgeadais, daonna agus teicneolaíochta – agus déanfar measúnú ar rioscaí féideartha agus ar straitéisí maolaithe a bhaineann leis na príomh-bhunspriocanna inghnóthaithe sa Phlean.

Ina theannta sin, leis na Tuarascálacha Bainistíochta Míosúla a thabharfar don Chomhairle coinneofar na Comhaltaí Tofa agus an pobal ar an eolas maidir lenár ngníomhaíochtaí agus maidir leis an méid a éireoidh linn a bhaint amach i rith na bliana.

Leis an straitéis pleanála, feidhmithe agus tuairiscithe sin, beidh deis againn torthaí inláimhsithe a dhéanamh dár gcuspóirí uileghabhálacha, ag cinntiú go mbeidh gníomhaíochtaí na Comhairle ailínithe i gcónaí lenár misean agus go mbeidh siad freagrúil do na riachtanais atá ag muintir Bhaile Átha Cliath Theas.

Acmhainní a chur ar fáil don Phlean Seo

I mí na Samhna 2024, ghlac an Chomhairle nua le buiséad ioncaim le haghaidh 2025 ina soláthraítear caiteachas foriomlán €391,942,200 chun seirbhísí agus cláir forbartha a sholáthar an bhliain sin. Bhí 1,280 fostaí de choibhéis lánaimseartha ag obair don eagraíocht ag deireadh 2024, le costas párolla measta 21% den bhuiséad ioncaim iomlán le haghaidh 2025.

Tá tuilleadh caiteachais i mbonneagar agus saoráidí an chontae de bhreis ar €1.855 billiún thar thrí bliana i gceist leis an gClár Caipitil rollach trí bliana le haghaidh 2025 go dtí 2027, sin méadú 17% ar chlár 2024–2026.

Leis an ailíniú a rinneamar ar ár bplean straitéiseach don lucht saothair leis an bPlean Corparáideach, le pleanáil ghnó bhliantúil agus le próisis bhuiséadacha, cinnteoimid gur féidir leis an eagraíocht pleanáil a dhéanamh agus lucht saothair a sholáthar ag a bhfuil na scileanna, an inniúlacht agus na leibhéil acmhainní a theastaíonn chun ár dtosaíochtaí a bhaint amach.

Freagairt do Dhúshláin

Toisc go nathraíonn ár dtimpeallacht oibríochta de shíor, ní mór dúinn ár machnamh a dhéanamh go síoraí ar ár gcumas freagairt do dhúshláin. Ní mór dúinn oibriú i gcomhar lena chéile go hinmheánach, le roinnt ranna rialtais agus le comhpháirtithe seachtracha chun cuntasacht fheabhsaithe, rochtain níos fearr ar fhaisnéis agus freagairtí níos tapúla a sholáthar.

Ach an digitiú i seirbhísí poiblí a chothú, is féidir linn athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcaoi a nidirghníomhaíonn daoine, gnólachtaí, agus lucht déanta beartas – lena gcumasaítear idirghníomhaíocht réidh thar gach leibhéal den rialtas agus de na seirbhísí poiblí.

Oibreoidh ár gComhairle ar bhealach níos géire chun a chinntiú le digitiú seirbhísí poiblí, go bhfuilimid ag glacadh le cur chuige a thugann ‘tús áite don úsáideoir agus don ghnó’, agus a thugann aghaidh ar eisiamh digiteach agus ar éagothroime. As sin tiocfaidh seirbhísí digiteacha ar ardchaighdeán a mbeidh iontaoibh astu, agus a sheachadfar ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ionchuimsitheach, agus inbhuanaithe.

Mórdhúshlán don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach araon í an chibearshlándáil. Táimid meáite ar chosaint a thabhairt ar ionsaithe trí chóras cuimsitheach bainistíochta slándála a chur i bhfeidhm, in éineacht le tionscnaimh oiliúna agus forbartha feasachta fheabhsaithe do gach fostaí agus úsáideoir seirbhíse.

Tá ról ríthábhachtach againn freisin ó thaobh freagairt d’imeachtaí nach raibh coinne leo agus d’imeachtaí éigeandála – go háirithe maidir le freagairt ar dhrochaimsir a chomhordú agus a bhainistiú. Taobh amuigh de na hiarrachtaí ar fhreagra éifeachtach a thabhairt, tá sé de chúram ar an gComhairle tionscadail bhonneagair a sheachadadh chun na rioscaí a chruthaítear le dúshláin nach mbíonn coinne leo a mhaolú nó a dhíothú.

Le minicíocht agus tionchar méadaithe imeachtaí den sórt sin, lena náirítear iad sin atá spreagtha ag forbairtí teicneolaíochta, is gá cur chuige sofhreagrúil, a bheidh dírithe amach romhainn, agus atá fadbhreathnaitheach a fhorbairt. Ach smaoineamh ar bhealach nuálach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os ár gcomhair, ceapfaimid agus soláthróimid réitigh ar an talamh ag a mbeidh tionchar dearfach ar an gcáilíocht saoil inár bpobail.

Comhairliúchán agus Rannpháirtíocht Leanúnach

Fad agus a mhairfidh an plean seo, táimid meáite ar phróiseas rannpháirtíochta a stiúradh don saoránach agus do pháirtithe leasmhara cosúil leis sin ar tugadh faoi nuair a bhí an straitéis seo á hullmhú. Cinnteoimid go ndéanfar ionadaíocht ar raon éagsúil ár bpobal agus go gcloisfear glór agus peirspictíochtaí na ngrúpaí sin atá ag fulaingt leis an éagothroime mar chuid den phróiseas seo.

Ach é sin a dhéanamh, déanfaimid measúnú ar cad a cheapann an pobal den mhéid atá ar siúl againn agus tomhaisfimid tionchar ár gcuid oibre ar an gcáilíocht saoil i mBaile Átha Cliath Theas.

Cur Chuige Fianaisebhunaithe

Leis na príomhtháscairí feidhmíochta tomhaisfear ár ndul chun cinn go bliantúil maidir leis an bplean seo a chur i bhfeidhm. I gcás inar féidir agus inar iomchuí sin a dhéanamh déanfar na sonraí faoi gach táscaire a scaradh amach thar na grúpaí sainaitheanta do Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine.

Foilseofar na sonraí faoi gach táscaire sa Tuarascáil Bhliantúil gach bliain i gcaitheamh shaolré an Phlean Chorparáidigh. Tá na táscairí ann anuas ar tháscairí feidhmíochta an Choimisiúin Náisiúnta um Fhormhaoirsiú agus Iniúchóireacht a dtugaimid tuairisc orthu freisin gach bliain.

Tá ár spriocanna agus na táscairí feidhmíochta le haghaidh gach sprice leagtha amach ar na leathanaigh seo a leanas.

Ag cruthú tithe compordacha, inrochtana do gach aois i gCúirt Mhic Bhrádaigh, forbraíocht aoisbhách

The Caption

Ag cur crainn dúchasacha mar chuid de thogra mion-choillearnaí – ag cur leis an mbithéagsúlacht agus spásanna glasa áitiúla

The Caption

Aidhm

Ceannaireacht Aeráide

Dul i gceannas ar an aistriú cóir i dtreo neodrachta

Sprioc

  • Feabhas 50% ar éifeachtúlacht fuinnimh na Comhairle faoi 2030
  • Laghdú 51% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na Comhairle faoi 2030
  • Réigiún atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath, trí thionchair imeachtaí a bhaineann leis an athrú aeráide a laghdú amach anseo
  • Teagmháil ghníomhach a dhéanamh lenár bpobail agus iad a chur ar an eolas maidir le gníomhú ar son na haeráide.

Tascaire

  • An líon imeachtaí maidir le Gníomhú ar son na hAeráide
  • An líon réadmhaoine a cosnaíodh le scéimeanna um chosaint ar thuilte
  • An líon deontas a ceadaíodh le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh gnó
  • An líon conarthaí a bronnadh ina núsáidtear critéir maidir le Soláthar Poiblí Glas
  • An líon oibreacha iarfheistithe a rinneadh chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgnimh atá faoi úinéireacht na Comhairle a fheabhsú
  • % den fhlít agus den innealra a ndearnadh dícharbónú orthu
  • An líon tionscnamh a bhí dírithe ar ghrúpaí a raibh an éagothroime ag cur isteach orthu, d’fhonn aistriú cóir a chumasú
  • % de ghníomhaíochtaí ar son na haeráide atá ag tarlú ón bPlean Gníomhaithe ar Son na hAeráide, 2024–2029
  • % de choigilteas fuinnimh an údaráis áitiúil
  • An líon cigireachtaí comhshaoil
Feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh na Comhairle faoi 2030
0%
Gníomhartha aeráide á gcur chun cinn ó Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2024–2029
0%

Aidhm

Tithíocht ar Ardchaighdeán

Tithe sóisialta agus inacmhainne ar ardchaighdeán a chur ar fáil do gach duine a dteastaíonn siad uathu

Sprioc

  • 15,576 aonad nua tithíochta a chur ar fáil sa Chontae le linn shaolré an Phlean Forbartha Contae, 2022–2028, i.e. an líon comhlán tithíochta ó CCÁCT agus forbróirí
  • Spriocanna Thithíocht do Chách, 2022–2026, i gcás CCÁCT, 3,671 teach sóisialta nua a chuimseodh 3,341 teach nuathógtha agus 290 teach ar léas
  • An Clár Iarfheistithe um Éifeachtúlacht Fuinnimh i dTithe a chur i gcrích
  • An Straitéis Míchumais Tithíochta a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh uirthi
  • An Clár Cóiríochta don Lucht Siúil a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh air

Tascaire

  • An líon tithe cónaithe a sholáthróimid thar gach tionóntacht
  • % de chláir cothabhála tithíochta beartaithe a tugadh chun críche
  • % den stoc tithíochta a uasghrádaíodh faoin gclár iarfheistithe um éifeachtúlacht fuinnimh
  • An líon tithe folmha / láithreán tréigthe
  • An líon iarratas pleanála a ceadaíodh le haghaidh tithe príobháideacha
  • An líon tithe príobháideacha ar cuireadh tús lena dtógáil
  • An líon cigireachtaí rialaithe tógála
  • An líon tionscnamh spriocdhírithe chun a chinntiú go ndéantar seirbhísí maidir le heaspa dídine a cheapadh agus a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais ar leith daoine gan dídean ar fud na ngrúpaí a sainaithníodh do Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine
Aonaid tithíochta nua sa Chontae le linn shaolré an Phlean Forbartha Contae 2022–2028, is é sin, líon iomlán na dtithe atá á soláthar ag CCÁCT chomh maith le forbróirí
15,576
Tithíocht do Chách 2022–2026: ár sprioc de 3,671 teach sóisialta nua lena n-áirítear 3,341 teach nua-thógtha agus 290 teach ar léas
3,671

Aidhm

Geilleagar faoi Bhláth

Baile Átha Cliath Theas a bheith ar an áit is fearr chun gnó a dhéanamh

Sprioc

  • Dul chun cinn Limistéar Chreat Straitéiseach Imeall na Cathrach i dtreo sprioc 75,000 post le linn an máistirphlean a sheachadadh
  • Meánfhás go dtí ardfhás a bhaint amach i dturasóireacht, mar a bhí leagtha amach sa Straitéis Turasóireachta, 2024–2028, inar fíor na nithe seo a leanas: Meánfhás = 5% in ioncam (€175m) agus poist (go dtí 4,721 post), nó Ardfhás = 7.5% in ioncam (€197m) agus poist (5,311 post)
  • Sprioc maidir le 12,000 post i Máistirphlean Chaisleán na Gráinsí
  • Plean Forbartha an Chontae a chur i bhfeidhm agus an dul chun cinn i dtreo sprioc 9,168 post a chruthú i gcaitheamh shaolré an phlean

Tascaire

  • An líon tionscnamh tacaíochta agus caiteachas ar Ghnó ó OFÁ (Oifig Fiontair Áitiúil)
  • An líon post OFÁ a fuair tacaíocht
  • An líon post a coinníodh i gCaisleán na Gráinsí
  • An líon féilte/imeachtaí turasóireachta
  • An líon íocóirí rátaí
  • An líon gnólachtaí incháilithe a fuair cúnamh agus tacaíochtaí ón stát
  • An líon íocaíochtaí prasa
  • An líon íocaíochtaí thar téarma
  • An líon tionscnamh OFÁ a dhírigh ar bhaill grúpaí a bhfuil an éagothroime ag cur isteach orthu, mar fhiontraithe agus mar fhostaithe
Spriocanna post an Phlean Forbartha Contae
9,168
Sprioclíon na bpost mar chuid de Mháistirphlean Chaisleán na Gráinsí
12,000
Trí phleanáil straitéiseach a ailíniú le gníomhartha spriocdhírithe, cinntímid go leanann seirbhísí agus bonneagar CCÁCT ag freastal ar riachtanais athraitheacha ár bpobal atá ag fás.

Aidhm

Áit Níos Fearr

An bonneagar agus na saoráidí, a theastaíonn chun freastal ar ár ndaonra atá ag fás, a chur ar fáil

Sprioc

  • Fás dramhaíola 0% san iomlán in aghaidh an duine
  • Seachadadh iomlán ar na tionscadail bhonneagair sa Chlár Caipitil, 2025–2027, agus 2026–2028
  • Cur i gcrích Phlean Rothaíochta Bhaile Átha Cliath Theas chun gréasán raonta rothar cuimsitheach nasctha a sholáthar ar fud Bhaile Átha Cliath Theas
  • An Clár Soilsithe Poiblí LED a chur i gcrích

Tascaire

  • An líon diúscairtí de thalamh na Comhairle le haghaidh forbairt eacnamaíoch
  • An líon imeachtaí i Staid Thamhlachta
  • % de Thionscadail Bhonneagair Straitéiseacha a seachadadh
  • % den Chlár Soilsithe Poiblí LED a seachadadh
  • % de phlean Rothaíochta Bhaile Átha Cliath Theas a seachadadh
  • An líon saoráidí fóillíochta gníomhaí i bpáirceanna agus i spásanna oscailte

Aidhm

Pobail Nasctha

Tacú lenár bpobail ionas go mbeidh siad imeasctha, ionchuimsitheach agus sábháilte

Sprioc

  • Rannpháirtíocht mhéadaithe ag cónaitheoirí ina gcomharsana áitiúla
  • Torthaí sláinte agus folláine feabhsaithe do dhaoine
  • Líon níos mó daoine ag teacht amach chun vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla sna toghlimistéir áitiúla i gcás ina raibh sé sin faoi 40%
  • Rolladh amach ar fud an chontae ar thionscnamh nua buiséadaithe rannpháirtíochta
  • Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh air

Tascaire

  • Caiteachas caipitil an tseachadta ar shaoráidí nua pobail
  • An líon Tionscnamh Sábháilteachta Pobail
  • An líon daoine ar an gclár toghthóirí
  • Ballraíocht i gCácas na mBan agus a dtionchar
  • Méadrachtaí ar an tionscnamh buiséadaithe rannpháirtíochta forbartha agus tuairisc tugtha maidir leo
  • An líon tionscnamh chun tacú le hidirghníomhaíochtaí dearfacha sa phobal thar éagsúlacht i bpobail
  • Tionscnaimh Aoisbháúla

Aidhm

Saibhreas Cultúrtha

Cultúr beoga a chur ar fáil do chách

Sprioc

  • Straitéis nua Imeasctha a bheith forbartha agus curtha i bhfeidhm
  • I gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta don Leabharlann Phoiblí, níos mó ná 47,000 ball gníomhach sa leabharlann in aghaidh na bliana
  • Straitéis nua don Ealaín Phoiblí a bheith forbartha agus curtha i bhfeidhm

Tascaire

  • An líon cuairteoirí chuig ionaid ealaíon
  • An líon ball gníomhach leabharlainne
  • Méid an spáis leabharlainne i méadair chearnacha (m2)
  • An líon daoine ag gabháil do thionscnaimh Ghaeilge
Baill ghníomhacha de na leabharlanna le bheith os cionn
47,000

Aidhm

Tús Áite do na Daoine

Bheith inár neagraíocht atá dírithe ar dhaoine

Sprioc

  • Comhlíontacht iomlán leis na caighdeáin Seirbhíse Cáilíochta sa Chairt Custaiméirí
  • Marc Q le haghaidh seachadadh Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a bheith bainte amach
  • Cairt Seirbhíse Poiblí le haghaidh Cuimsiú Digiteach a bheith sínithe agus cloíte leis
  • 20% d’fhostaithe a bheith inniúil i nGaeilge faoi 2030
  • 90% de gach seirbhís infheidhme a bheith digitithe faoi 2030
  • Comhlíontacht iomlán leis an gCód Caiteachais Phoiblí / Treoirlínte Bonneagair

Tascaire

  • (Suirbhé / ceardlanna) Rannpháirtíochta Poiblí Bliantúla ar thuairimí agus ar sheachadadh seirbhíse ar ardchaighdeán
  • An leibhéal rannpháirtíochta poiblí i gComhairliúcháin
  • An leibhéal rannpháirtíochta ar líne leis an suíomh gréasáin agus leis na meáin shóisialta
  • Inrochtaineacht na suíomhanna gréasáin uile atá faoi úinéireacht na Comhairle
  • Rannchuidiú CCÁCT leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
  • An líon idirbheart ar líne le custaiméirí / soláthróirí
  • An líon seirbhísí infheidhme le haghaidh digitiú
  • % de sheirbhísí infheidhme atá digitithe
  • % den tomhaltas de sheirbhísí digiteacha a soláthraíodh
  • An líon iomlán fostaithe de choibhéis lánaimseartha
  • An líon fostaithe de choibhéis lánaimseartha per capita
  • % de Choinneáil / Athrú i measc Fostaithe
  • Infheistíocht Foghlama agus Forbartha in aghaidh an Fhostaí
  • An líon Printíseachtaí
  • % den Bhearna Phá idir na hInscní
  • Tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Phlean Soláthair a bheith foilsithe
  • An líon iarrataí um Shaoráil Faisnéise a fuarthas / ar tugadh freagra orthu
  • An líon iarratas ar Rochtain ar Shonraí a fuarthas / ar tugadh freagra orthu
  • % d’fhostaithe a bhfuil inniúlacht bhreise cumasaithe acu i gcomhionannas agus cearta an duine
  • An líon tionscnamh a dhírigh ar eisiamh agus éagothroime dhigiteach
Comhlíonadh chaighdeáin Seirbhíse Cáilíochta atá leagtha síos sa Chairt do Chustaiméirí
0%
Gach seirbhís infheidmhe digiteach faoi 2030
0%
Fostaithe atá inniúil i nGaeilge faoi 2030
0%

Críoch

Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas tiomanta don phlean seo a sheachadadh as seo go ceann cúig bliana. Déanfaimid iarracht é sin a dhéanamh le diongbháilteacht, trédhearcacht agus le comhbhá, agus muid ag féachaint le muinín a fhorbairt agus a shaothrú i gcaitheamh an ama.

Beimid mórtasach as ár gcuid oibre. Déanfaimid rudaí i gceart ar bhealach a fhreastalóidh ar ár bpobail agus ár gcomhpháirtithe uile ag leagan síos na mbunchloch le haghaidh todhchaí bhreá dár gContae, a bheidh in ann an ceann is fearr a fháil ar dhúshláin.

An Rannán Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Contae Átha Cliath Theas
Halla an Chontae, Tamhlacht,
Baile Átha Cliath 24, D24 A3XC

+353 1 414 9000
info@sdublincoco.ie

Teagmhálaí do na meáin:
Declan Healy
communications@sdublincoco.ie

Na meáin shóisialta:
Facebook
X
Instagram
YouTube

Tuilleadh eolais:
www.sdcc.ie